Maidir Linne

Is scoil damhsa seanbhunaithe í Scoil Damhsa Forristal atá ag feidhmiú i nGaoth Dobhair, sna Rosa agus i gCloich Cheann Fhaola i gContae Dhún na nGall. Déantar Bailé Clasaiceach ón Acadamh Ríoga Damhsa a theagasc. Chomh maith leis sin, múintear Damhsa Amharclainne Nua-Aimseartha, Snagdhamhsa, Cniogdhamhsa agus aclaíocht do pháistí agus do dhéagóirí.

Suite ar chósta álainn an Atlantaigh i nDún na nGall, cuirtear scrúduithe agus measúnuithe damhsa ar fáil, agus glacann na daltaí páirt in imeachtaí áitiúla agus i léiriú damhsa lán-stáitse in Amharclann An Ghrianáin.

Déanann Deirdre Scoileanna Samhraidh a reachtáil fosta agus tugann sí aoi mhúinteoirí isteach go rialta le ceardlanna damhsa a thabhairt i rith na bliana.

Deirdre Forristal

Is í Deirdre Forristal, LISTD, úinéir agus príomhoide Scoil Damhsa Forristal. Tá taithí fhairsing aici ag obair i dtionscal na taibhealaíona.

Tá scileanna aici i gCóiréagrafaíocht, Taibhealaíona, Amharclannaíocht Cheoil, Damhsa agus Múinteoireacht. Is múinteoir cumasach í le Teastas Múinteoireachta RAD i mBailé Clasaiceach ón Acadamh Ríoga Damhsa i Londain, chomh maith le DDE agus Céim Licentiate ón ‘Imperial Society of Teachers of Dancing’ i Londain.

Thosaigh Deirdre a hoiliúint i gCill Chainnigh le Cynthia O'Dunlaing. Lean sí ar aghaidh lena hoiliúint le Aedeen O’Hagan, Debbie Allen agus le Bailé Chathair Bhaile Átha Cliath sula ndeachaigh sí go Londain le traenáil a dhéanamh ag an Acadamh Ríoga Damhsa.

I Londain, rinne sí staidéar ar Bhailé Clasaiceach, Stair an Damhsa, Anatamaíocht, Síceolaíocht, Ceol agus Repertoire. Bhain sí céim amach le gradam sa Teastas Múinteoireachta agus d’fhill sí ar Éirinn le dul ag teagasc le Cynthia O'Dunlaing i mBaile Átha Cliath agus i mBré.

Bhunaigh Deirdre a cuid scoileanna damhsa féin in Éadan Doire, Baile Átha Í agus Cill Chainnigh. Lean sí lena staidéir ar an damhsa agus d’éirigh léi céim chomhlachais, céim licentiate agus dioplóma a bhaint amach in Oideachas Damhsa i nDamhsa Amharclainne Nua-Aimseartha leis an ISTD. Chum sí cóiréagrafaíocht do cheoldrámaí i gCill Chainnigh agus i mBaile Átha Í, agus ghlac sí féin agus a cuid daltaí páirt i mórán imeachtaí éagsúla in Éirinn.

I ndiaidh di bogadh go Dún na nGall, bhunaigh Deirdre a scoil i nGaoth Dobhair sa bhliain 2001. Tá sé i ndiaidh fás anois go dtí 4 ionad thart ar an chontae, ag soláthar lárionad barr feabhais don damhsa.

Bíonn Deirdre ag teagasc i go leor de na bunscoileanna áitiúla, ag tabhairt ranganna damhsa spraíúla agus fuinniúla do na páistí. Leanann sí uirthi ag forbairt a cuid scileanna, ag freastal ar chúrsaí i mBaile Átha Cliath agus i Londain lena cuid scileanna coinneáil suas chun dáta agus chun na scileanna sin a chur i bhfeidhm ina cuid ranganna.

Tá grá nádúrtha ag Deirdre don damhsa agus tá na buntáistí móra a bhaineann leis feicthe aici ina taithí ag obair le páistí thar na mblianta. Tá sé mar aidhm aici an grá seo don damhsa a chur ar aghaidh chuig a cuid daltaí ionas go mbainfidh siad sult agus pléisiúr as an bhua a thugann sé dóibh.

Príomhphointí

  • Teagascóir Acadamh Ríoga an Damhsa
  • Ceadúnaithe & DDE. ISTD
  • Scrúduithe & Measúnuithe Damhsa
  • Déan in Imeachtaí áitiúla
  • Léiriú Céime Rince Iomlán



Ár Ranganna




Ár nIonaid

Is múinteoir damhsa iontach í Deirdre a chuidigh go mór le mo chuid  muiníne a fhorbairt ó bhí mé óg. Bhain mé sult ar dóigh as mo huid ama i Scoil Damhsa Forristal agus mholfainn go hard í.

emma mc bride

Tá m’iníon ag freastal ar Scoil Damhsa Forristal le 10 mbliana anuas, ag foghlaim bailé, damhsa nua-aimseartha agus snagdhamhsa.

Is cuid mhór dá saol í an scoil damhsa agus tá sé i gceist aici staidéar a dhéanamh ar an damhsa mar ghairm bheatha.

Is múinteoir iontach díograiseach í Deirdre a spreagann gach damhsóir go barr a gcumais.

caroline mc fadden

Táim ag damhsa i Scoil Damhsa Forristal ó bhí mé 4 bliana d'aois.Is breá liom cniogdhamhsa — níl rud ar bith cosúil leis na sceitimíní a mhothaíonn tú chomh maith leis an dúshlán leis na hamanna uilig a fháil ceart.

erin mc bride

Tá mé thar a bheith sásta a bheith páirteach i Scoil Damhsa Forristal, ag feidhmiú mar bhainisteoir cúlra i roinnt de na seónna iontacha. Tá Deirdre paiseanta faoina ról, thar a bheith cruthaitheach, an-eagraithe agus is mór an cuidiú í don phobal.

ita gallagher

Moladh Scoil Damhsa Forristal go hard dúinn agus níor lig sí síos muid ar dhóigh ar bith.

Cuireadh ceol galánta in aithne dár iníon, atá ocht (8) mbliana d'aois, d'fhoghlaim sí an dóigh le guaim a choinneáil uirthi féin agus bogadh go maorga i rith an ama fríd clár bailé cuimsitheach atá réchúiseach agus spraíúil.

Mholfainn an scoil go hard do pháistí agus déagóirí, ní miste cén cumas atá acu.

maggie thomson

"Tá mo thrí iníon i ndiaidh freastal ar Scoil Damhsa Forristal agus bhain siad sult as gach bomaite. Is múinteoir iontach í Deirdre agus tá sí fíorphaiseanta faoin damhsa. Tá a fuinneamh agus a tiomantas le léiriú agus le feiceáil i gcónaí.

Ina ranganna spraíúla, fuinniúla spreagann agus cothaíonn sí a cuid daltaí le foghlaim, dul chun cinn agus barr feabhais a bhaint amach sa damhsa, agus ag an am céanna cuireann sí go mór lena muinín agus iad ag fás."

Juanita Mc Fadden

juanita mc fadden