Ranganna Snagdhamhsa


Is stíl thurgnamhach, shaorfhoirme agus shreabhach í damhsa snagcheol; lán le samhlaíocht agus fuinneamh. Cosúil leis an cheol í féin, tá tionchar as gach áit le feiceáil i ndamhsa snagcheoil. Tá na gluaiseachtaí mín agus síncopeacha agus iad i gcónaí dírithe ar an léiriú.

Is páirteanna thábhachtacha iad solúbthacht agus scil sa snagcheol agus sa damhsa amharclainne nuaaimseartha. Meascann siad le béim láidir ar an fheidhmiú fosta. Úsáideann an stíl céimeanna gluaiseachta, ciceanna arda, léimeanna agus castaí — gluaiseachtaí a éilíonn neart agus solúbthacht.

Is stíl damhsa thar a bheith fuinniúil í seo; is iad cruthaitheacht agus féinléiriú príomhchuspóirí na disciplíne seo.

Arís, is stíl thurgnamhach, shaorfhoirme agus shreabhach í damhsa snagcheol; lán le samhlaíocht agus fuinneamh. Cosúil leis an cheol, tá tionchair le feiceáil as gach áit. Chomh maith leis sin, tá na gluaiseachtaí mín agus síncopeacha agus iad i gcónaí dírithe ar an léiriú.




Éide Ranganna Snagdhamhsa

Seo a leanas na roghanna éadaigh dár Ranganna Snagdhamhsa; cliceáil ar aon cheann de na naisc thíos chun an mhír a fheiceáil nó/agus a cheannacht ónár siopa ar líne.

Ionaid & Amchlár

Tá ranganna Jazz Dance ar siúl faoi láthair i 4 ionaid i gContae Dhún na nGall.

Caith súil ar an amchlár Snagdhamhsa thíos le laethanta, amanna & ranganna, nó amharc ar ár n-amchlár iomlán anseo.
Lá Áit Am Rang

CUIR CEIST NÓ DÉAN ÁIRITHINT ANOIS




Teistiméireacht a Tugadh

Tá mé thar a bheith sásta a bheith páirteach i Scoil Damhsa Forristal, ag feidhmiú mar bhainisteoir cúlra i roinnt de na seónna iontacha. Tá Deirdre paiseanta faoina ról, thar a bheith cruthaitheach, an-eagraithe agus is mór an cuidiú í don phobal.

ita gallagher