Ranganna Bailé Sinsearach


Tá na ranganna seo dírithe ar pháistí agus ar mhic léinn os cionn12 bliana d’aois. Dhéantar theicníc agus ealaín an damhsa a fhorbairt, chomh maith le foclóir nua a mhéadú agus scileanna níos forbartha a chur leo.

Cuireann an damhsa smacht, comhordú, cuimhne, solúbthacht, neart, líne, galántacht agus seasmhacht chun cinn. Déantar féinmheas dearfach a fhorbairt agus féinmhuinín a chothú, cuidíonn sé le spóirt eile agus tá spraoi iontach ag baint leis! 

Tá gach páiste ábalta buntheicnící a thuiscint agus a leanúint má dhéantar iad a thaispeáint agus a mhúineadh i gceart.

Ceann de na bronntanais is mó a thig leat a thabhairt do do phaiste ná deis a thabhairt dóibh an damhsa a fhoghlaim.




Éide Ranganna Bailé Sinsearach

Seo a leanas na roghanna éadaigh dár Ranganna Bailé Sinsearach; cliceáil ar aon cheann de na naisc thíos chun an mhír a fheiceáil nó/agus a cheannacht ónár siopa ar líne.

Ionaid & Amchlár

Tá ranganna Bailé Sinsearach ar siúl faoi láthair i 4 ionaid i gContae Dhún na nGall.

Caith súil ar an amchlár Bailé Sinsearach thíos le laethanta, amanna & ranganna, nó amharc ar ár n-amchlár iomlán anseo.
Áit Am Rang
Luain Doirí Beaga 6:45 - 7:45in Bailé Grád 6
Máirt Ghlaisigh 5:15 - 6:15in Bailé Grád 4

CUIR CEIST NÓ DÉAN ÁIRITHINT ANOIS




Teistiméireacht a Tugadh

Táim ag damhsa i Scoil Damhsa Forristal ó bhí mé 4 bliana d'aois.Is breá liom cniogdhamhsa — níl rud ar bith cosúil leis na sceitimíní a mhothaíonn tú chomh maith leis an dúshlán leis na hamanna uilig a fháil ceart.

erin mc bride